Search

Trá Pháidín

Cloch’s Claí

LP
€28,00

Order now for arrival on the release date. Discounted pre-order price will revert to full price after release.

Is buíon de cheoltóirí é Trá Pháidín a bhfuil a bhaile, anam agus meabhair scaipthí idir Conamara Theas, Cathair Chorcaí, Uíbh Fhailí, Sligeach, Port Láirge ó 2019. Ag tarraingt uaidhe thobar an cheoil traidisiúnta, an jazz,folk agus ar pé tionchar eile a mbeadh cuma mhaith air sna cur síos, ach a n-uathúlacht féin á chaomhnú acu atá i bhfad ó aon fios ar an saol thart orthu ná iad fhéin. Is socra fós a gcur chuige chun úrcheol Gaelach a cruthú atá níos fairsinge ná an“conas atá tú?”.
LeCloch ‘s Claí, a gcéad cheirnín leis an lipéid Sasanach World of Echo, déantar fiosrúcháin ar na críocha is aineola fós dóibh. Bunaithe ar seanchas claíochaí bána, tugann an t-albam seo léargas aorach ar an ngaol idir Éireann, a teanga dúchais agus an Ghaeltacht. 10 rian atá uirthi, chuile ceann acu ina ionadaí ar chloch mheafarach, baineannCloch ‘s Claí feidhm as gnéithe den tobchumadh atá i gceol tradisiúnta na hÉireann, ar nós, an t-ornáideachas, an tionlacan agus foclasmartáilte eile a bhfuil breis is trí shiolla iontu. Leis sin, bíonn chuile babhta tógála ar chlaí éagsúil óna chéile mar aon le chuile cur i láthair beo - léiriú é an taifead seo ar chur i láthair amháin acu sin. Agus é spreagtha agAn Béal Bochtó pheann Mhyles na gCopaleen, cuimsíonn an claí seo téama áiread atá scapthí thar thírdhreach agus aigne na Gaeltachta - cur i gcéill, tithíocht, polatíocht na bpiardaí, chéirtleáine agus a thuilleadh den raic céanna atá le cloisteáil chuile lá ar an raidió. Toradh na tógala seo ná ceol a bhfuil blas de rejunal shtyles in tradishunal muzik, de carraig na Krauts, den snagcheol saor in aisce, den iar-rac, den chrónán agus den íostachas ann, ar bhealach atá nádúrtha, sreabhach agus lán le haimhreas múinte ó Iarthar na hÉireann.

 

ArCloch ‘s Claí agus i dTrá Pháidín tá: Conal Ó hAinmhuighe, Ultan Ó Labhradha, Peadar-Tom Mercier, Micheál Fitzgerald, Pól Ó Lionáird, Ruairí de Búrca. Beidh Cloch ‘s Claí á eisiúint go digiteach agus mar eagrán teoranta LP ar an 25ú lá de mhí Meán Fómhair trí World of Echo. Tá an saothar seo cruthaithe againn le tacaíocht na Dámhachtana Taifeadta DEIS & le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.

 

__________________________________________

Trá Pháidín
are a mutable collective of musicians who are geographically, culturally and mentally torn between Conamara Theas, Cathair Chorcaí, Ciarraí, Uíbh Fhailí, Sligeach and Port Láirge, active in one form or another since 2019. The music they make, which to date has mostly been self-released, is of an ambitious breadth, embracing traditional Irish absurdity, jazz, folk and krautrock influences, whilst remaining tantalisingly beyond any one specific understanding of either the world around them or even themselves. More defined however, is their overall conceptual approach, focusing upon original Gaelic music and what lies beyond simply “conas atá tú?”.

Cloch ‘s Claí(trans. Stone & Wall), their first record to be released by World of Echo, develops their established interests into more adventurous waters (and walls!) than ever. Based on the historical significance embedded into dry-stone walls, the album presents a satirical view of Éire’s relationship with her native tongue and the Gaeltacht (regions where Gaeilge - Irish Gaelic - remains the primary language). Constructed of ten tracks, each representative of a stone in a metaphorical stone-wall, Cloch ‘s Claí draws from styles of improvisation in Irish traditional music, exploring avenues of ornamentation and accompaniment in the tradition. As such, the arrangement changes in every performance, a new stone-wall articulated each time - the recording on this album represents just one such arrangement in one such performance. Inspired by Myles na gCopaleen’s An Béal Bocht, the wall comes to embody a variety of themes scattered across the landscape and psyche of na Gaeltachtaí - tokenism, housing, gentry politics, ribbon developments and so on. The result is a music expressive of regional styles in traditional music, krautrock, free jazz, post-rock, minimalism and drone presented in a way that feels instinctively fluid and reflective of a hushed existentialism from the west of Ireland.

On Cloch ‘s Claí, Trá Pháidín are: Conal Ó hAinmhuighe, Ultan Ó Labhradha, Peadar-Tom Mercier, Micheál Fitzgerald, Pól Ó Lionáird, Ruairí De Búrca. Cloch ‘s Claí will be released digitally and as a limited edition LP on 25th September via World of Echo. This record was created through the support of the DEIS Recording Grant & Ealaín na Gaeltachta.

    Release Date: Cat No: